Bhí sé 6 bliana d’aois nuair a chuaigh sé na scoile i Mín a Chladaigh. Ní raibh dúil iontach ar bith aige sa scoil ach ní raibh sé doiligh a chur amach na scoile. Chrissie Mc Bride an chéad mhúinteoir a bhí aige. Ansin bhí Kitty Ned aige. Johnny Mac Fhionnlach /Mc Ginley an máistir a bhí aige, bhí sé géar ach maith. Tadhg Diver a bhí ann roimhe, d’imigh sé sin go Albain. Piocadh Cormac le scrúdú a dhéanamh ach tharraing sé amach as sular dearnadh an scrúdú. Bhí sé ag obair lena athair leis an fhómhair agus mar sin, bhí a mháthair marbh ó bhí Cormac bliain d’aois, ní raibh suim aige sa scrúdú. Bhí daoine eile a thagadh as bailte eile le foghlaim ar an scoil ag máistir Mac Fhionnlach. Bhí léir ag imeacht fosta agus bhí sin ina cheann ag Cormac fosta. | 00:09:05 | |